Irish subtitles for clip: File:Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig 2021 ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn-VRg-a0qSGa8.webm

(Delete this text and the parentheses if you translate these subtitles into other langauge) 1
00:00:02,508 --> 00:00:05,227
[Teachtaireacht ón Uachtarán
Micheál D. Ó hUigínn,

(Delete this text and the parentheses if you translate these subtitles into other langauge) 2
00:00:05,257 --> 00:00:06,806
Lá Fhéile l'ádraig 2021]

3
00:00:07,186 --> 00:00:09,767
Lenár ndaoine
ag samhlú aiséirí na hÉireann

4
00:00:09,817 --> 00:00:13,263
ó scáth dochrach phaindéim Covid-19,

5
00:00:13,517 --> 00:00:17,235
agus ár ndomhan mar atá sé,
ag fulaingt, i gcruachás

6
00:00:17,271 --> 00:00:19,699
de bharr easpa measa ar an gcothromaíocht

7
00:00:19,750 --> 00:00:23,887
idir riachtanais an tsaoil agus cumas
athbheochana an phláinéid,

8
00:00:23,936 --> 00:00:27,260
cén teachtaireacht is chuí
a sheoladh an bliain seo,

9
00:00:27,310 --> 00:00:30,210
ar Lá le Pádraig 2021?

10
00:00:30,798 --> 00:00:34,309
Cén teachtaireacht is cuí
le hÉireannaigh an oileáin,

11
00:00:34,319 --> 00:00:38,635
agus muintir na tíre fud fad na cruinne,
iad go léir san áireamh,

12
00:00:38,824 --> 00:00:43,168
Éireannaigh ó dhúchais agus iad siúd
atá díreach tagtha chun na tíre,

13
00:00:43,241 --> 00:00:47,793
a roinnt le chéile an bliain seo
ar Lá Fhéile ár Naomhphátrúin?

14
00:00:48,712 --> 00:00:52,017
B’fhéidir, agus cúinsí
éagsúla ann i mbliana,

15
00:00:52,053 --> 00:00:56,725
gurbh fhearr dúinn an lá a bhunú arís
ar scéal Naomh Pádraig.

16
00:00:56,879 --> 00:01:01,186
Scéal cumhachtach, miotasach
as a dtagann ár Lá Náisiúnta,

17
00:01:01,230 --> 00:01:05,298
scéal a chuireann muid os comhair
an domhain ar fad ar an seachtú lá déag

18
00:01:05,335 --> 00:01:07,436
Márta gach bliain.

19
00:01:08,005 --> 00:01:10,511
Is mar sclábhaí a tháinig
Pádraig go hÉirinn,

20
00:01:10,556 --> 00:01:12,871
d’éalaigh sé agus d’fhill sé arís.

21
00:01:13,100 --> 00:01:14,737
Imirceach ab ea é.

22
00:01:14,774 --> 00:01:18,216
Tá sé lonnaithe i mbunchloch
ár n-imircigh Éireannacha,

23
00:01:18,817 --> 00:01:20,732
ár dteachtairí manachúla,

24
00:01:20,766 --> 00:01:24,680
i measc eisimirce an naoú haoise
déag roimh an nGorta Mór

25
00:01:24,798 --> 00:01:30,325
agus caillteanas ár ndaoine a d’éalaigh
ar mhaithe lena slánú i ndiaidh an Ghorta.

26
00:01:30,525 --> 00:01:33,682
Is fiú dúinn a choimead
a gcuimhne i gcónaí

27
00:01:33,720 --> 00:01:37,410
gurb’ í ár scéal ná sa bhliain 1901

28
00:01:37,453 --> 00:01:42,925
bhí formhór na nÉireannach a rugadh ar
oileán na hÉireann ina gcónaí thar lear.

29
00:01:44,208 --> 00:01:47,520
Lá speisialta is
ea Lá Fhéile Pádraig, mar sin,

30
00:01:47,556 --> 00:01:50,640
le cuimhneachán a dhéanamh
ar stair ár n-imirceach.

31
00:01:50,854 --> 00:01:55,011
Is deis foghlama í freisin,
mar aon le foinse

32
00:01:55,032 --> 00:01:58,578
ár mianta agus polasaithe
sa mbaile is i gcéin.

33
00:01:58,899 --> 00:02:02,982
Sna h-áiteanna éagsúla
a mbíodh Éireannaigh ag canadh,

34
00:02:03,003 --> 00:02:06,264
in ard a ngutha,
ar Lá Fhéile Pádraig tráth,

35
00:02:06,313 --> 00:02:11,535
táthar ag glacadh páirt in a nguthanna,
le pobail imirceach ar fud an domhain.

36
00:02:11,814 --> 00:02:17,811
Pobail is ea iad seo a bhfuil na cianta
caite acu ag sárú cúinsí reatha.

37
00:02:18,096 --> 00:02:23,208
Dúinne mar Éireannaigh, ba é Naomh Pádraig
an teachtaire a thánaig chugainn,

38
00:02:23,241 --> 00:02:27,183
a thug leis tiomna faoin gcumhacht taobh
amuigh den duine féin,

39
00:02:27,223 --> 00:02:30,237
spiorad a mhúnlaigh croí na daonnachta.

40
00:02:30,740 --> 00:02:36,160
Imirceach ab ea é, a d’iompair
leis teachtaireacht an imircigh bháúil

41
00:02:36,185 --> 00:02:41,102
agus a chruthaigh gurbh fhéidir
í a nascadh le foinsí eile an spioraid.

42
00:02:41,272 --> 00:02:47,998
Tá gach cineál éabhlóide agus spioraid
taobh amuigh d’anró an duine tábhachtach.

43
00:02:48,479 --> 00:02:52,537
D’aithin ár bPátrún Pádraig
an gá speisíalta a bhain

44
00:02:52,572 --> 00:02:57,158
lena theachtaireacht a fhí isteach
sa mheas don nádúr,

45
00:02:57,251 --> 00:03:00,779
dá chumas agus gealltanas athbheochana,

46
00:03:00,813 --> 00:03:05,241
tréith chomónta í seo
sa spioradáltacht dhúchasach.

47
00:03:05,715 --> 00:03:08,715
Ar Lá Fhéile Pádraig 2021,

48
00:03:08,751 --> 00:03:13,483
meabhraítear dúinn go roinneann muid
go léir an bhuairt, an spleáchas

49
00:03:13,516 --> 00:03:16,667
agus an géarghá le tuiscint a fháil,

50
00:03:16,703 --> 00:03:20,270
tuiscint ar féidir léi
gach teorainn a shárú.

51
00:03:20,975 --> 00:03:25,442
I gceacht foghlama Covid-19,
tá léargas doshéanta le fáil –

52
00:03:25,474 --> 00:03:30,254
ní hamháin go bhfuil orainn go léir,
le chéile, teacht trí cheo na paindéime,

53
00:03:30,297 --> 00:03:32,743
ach an mórtas,

54
00:03:32,793 --> 00:03:35,984
sotal agus díomas a bhaineann le smacht,

55
00:03:36,016 --> 00:03:39,058
le cur i bhfeidhm
agus le heisiamh a chur dínn.

56
00:03:39,778 --> 00:03:42,481
Straitéisí saoil ab ea iad seo,

57
00:03:42,523 --> 00:03:47,302
a d’fhág a lorg i bhfoirm easpa daonnachta
agus domhan i mbaol.

58
00:03:47,717 --> 00:03:50,260
Tá an deis againn anois le bliain anuas,

59
00:03:50,311 --> 00:03:53,758
iniúchadh a dhéanamh ar
na fuíntaisí tuairimí sin

60
00:03:53,804 --> 00:03:57,293
a chuir an dallamullóg orainn
maidir le cé muid féin.

61
00:03:57,543 --> 00:04:02,536
Tá go leor le caitheamh uainn, agus b’fhiú
dúinn seo a dhéanamh gan mhoill.

62
00:04:02,712 --> 00:04:07,662
Mar shampla, is cinnte nach bhfuil
cogadh de dhíth le teacht ar shíocháin;

63
00:04:07,700 --> 00:04:10,179
mar sin nuair a thagtar ar leigheas,

64
00:04:10,228 --> 00:04:13,731
éacht eolaíochta a dhéanann galar
a sheachaint nó a réiteach,

65
00:04:13,771 --> 00:04:15,994
ba chóir dúinn an éacht seo a roinnt,

66
00:04:16,041 --> 00:04:19,150
in ionad é a choimeád dúinn féin
le hairgead a thuilleamh

67
00:04:19,187 --> 00:04:21,490
i gcomórtas trádála mí-chothrom.

68
00:04:21,744 --> 00:04:26,971
Beidh spás don áthas
nuair a éalóidh muid ó Covid-19,

69
00:04:27,011 --> 00:04:31,388
ach beidh an t-áthas seo á stiúradh
ag ár luachanna úra,

70
00:04:31,440 --> 00:04:33,531
a ndéanfaidh muid cleachtadh orthu

71
00:04:33,565 --> 00:04:37,727
agus muid ag tabhairt faoinár
dturas nua le chéile.

72
00:04:38,030 --> 00:04:41,017
Agus muid ag teacht amach
ó scáth Covid-19,

73
00:04:41,062 --> 00:04:46,841
b’fhiú dúinn eolas a scaipeadh ar bhonn
domhanda le turas comhroinnte a thógáil.

74
00:04:47,120 --> 00:04:50,113
Tá muinín san fhocal scríofa
ag dul i léig.

75
00:04:50,397 --> 00:04:53,552
Ní mór dúinn an muinín sin a athbhunú.

76
00:04:54,189 --> 00:04:57,147
I mbliana, is cinnte go mbeidh
achrann ann.

77
00:04:57,310 --> 00:05:00,496
Cé go mbeidh cuimhní ann
de thurais ón am atá caite,

78
00:05:00,526 --> 00:05:02,645
beidh díomá ann freisin

79
00:05:02,678 --> 00:05:05,784
go mbeidh gá le turais eile
a chur ar athlá.

80
00:05:06,200 --> 00:05:11,681
Déanaimis comhbhrón leis na daoine sin gur
bocht an t-ionadaí í an teicneolaíocht

81
00:05:11,732 --> 00:05:15,370
ar an gcaidreamh
agus teagmháil sa bhfíorshaol.

82
00:05:15,725 --> 00:05:21,660
Ar bhealach úrnua i mbliana a stiúrfar
an t-aitheantas tábhacht seo dár bPátrún,

83
00:05:21,697 --> 00:05:24,199
tobar an dóchais dúinn ar fad.

84
00:05:24,280 --> 00:05:28,206
Is féidir linn foghlaim uaidh
mar a dhéanann muid i gcónaí,

85
00:05:28,255 --> 00:05:30,297
agus sna blianta amach romhainn nuair

86
00:05:30,345 --> 00:05:33,983
a bhaileoidh muid le chéile
ag na mórshiúlta arís,

87
00:05:34,002 --> 00:05:37,764
ní bheidh muid ite ag an tomhaltas.

88
00:05:38,052 --> 00:05:40,740
Cuimhneoidh muid siar
ar Lá Fhéile Pádraig fiche

89
00:05:40,791 --> 00:05:44,805
is fiche sé haon agus
an tús a chuir muid leis an turas nua.

90
00:05:44,899 --> 00:05:49,872
Is turas é seo a bhfuil fonn
orainn a roinnt leis an domhan mór

91
00:05:49,905 --> 00:05:51,942
agus a mhuintir go léir,

92
00:05:51,975 --> 00:05:55,666
ceann a chabhróidh
linn athnuachan a dhéanamh

93
00:05:55,716 --> 00:06:01,073
ar an meas don Mháthair-Chruinne,
a bhfuil baint againn uilig léi.

94
00:06:01,456 --> 00:06:06,355
D’fhág ár Naoimh Pádraig agus Bríd
léargais agus críonnacht sheasmhach dúinn

95
00:06:06,383 --> 00:06:08,248
ar thábhacht an nádúir.

96
00:06:08,505 --> 00:06:09,813
Amach anseo,

97
00:06:09,847 --> 00:06:13,944
nuair a chuimhneoidh muid siar
ar Lá Fhéile Pádraig fiche fiche haon,

98
00:06:14,012 --> 00:06:18,718
go bhfillimid air le fuinneamh agus fonn,
agus muid ag déanamh iarrachta an saol

99
00:06:18,751 --> 00:06:23,741
a chur ina cheart arís,
go mall agus go cúramach.

100
00:06:23,781 --> 00:06:28,735
Ba iad an ceol agus an chruthaitheacht
ár n-acmhainn le linn na paindéime,

101
00:06:28,933 --> 00:06:33,805
agus casann muid ar cheol an chroí nuair
nach féidir linn teacht ar na focail –

102
00:06:33,854 --> 00:06:37,658
foirmeacha éagsúla athbheochana,
féidearthachtaí cleachta,

103
00:06:37,676 --> 00:06:40,830
aistir iontais agus triail
go háiteanna nua.

104
00:06:41,351 --> 00:06:45,259
“Déanaimid dearbhú,
Údar dóchais i ndán dúinn.

105
00:06:45,310 --> 00:06:50,230
Seasaimid amach ón ndorchadas,
Isteach go fáinne an lae nua”.

106
00:06:50,852 --> 00:06:52,736
Ar son mhuintir na hÉireann,

107
00:06:52,780 --> 00:06:56,208
ba mhaith liom muintearas a dhéanamh
leo siúd ar Éireannaigh iad,

108
00:06:56,244 --> 00:07:00,228
bíodh sin ó dhúchas,
le hoidhreacht nó trí chaidreamh,

109
00:07:00,295 --> 00:07:04,778
agus iad siúd freisin a chabhraigh lenár
nÉireannaigh an bhliain seo go háirithe.

110
00:07:04,994 --> 00:07:09,194
Guím Lá Fhéile Pádraig
sona agus síochánta daoibh go léir,

111
00:07:09,232 --> 00:07:13,032
agus dóibh siúd ar chuid lárnach
de chlann na hÉireann iad,

112
00:07:13,069 --> 00:07:17,297
mar aon lena cairde
agus clanna ar fud an domhain.

113
00:07:17,340 --> 00:07:18,498
Beir beannacht.